Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 127
- XML “Na Préataí”
- XML “Préataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siad lá do gach duine a bhíonn mall leis an t-síol.Is mí Meitheamh baintear na lusanna a fhásas suas. Cuirtear an chéad lán ar na preataí. Leigtear dobhtha agus cuirtear an darna lán ortha. Indiaidh tamaill eile cuirtear an lán deireannach ortha.I mí Iúl ghnidhtear na preataí a sprayáil i n-eadán an duibh. Baintear na preataí le spáid, nó sgoiltear na driollanna leis an t-seisrigh. In amannaí cuirtear na preataí móra isteach sa sgiobal nó i gcró, agus fosta ghnidhtear poll dobhtha amuigh. 'Sen dóigh a ghnidhtear na puill na geárrtar feaghacha agus sgratha agus annsin ghnidhtear na preataí a chóiruighadh suas agus bíonn an poll leathan ar iochtar agus bárr cumhang ar uachtar. Fágtar annsin iad agus tógtar iad do réir mar úsáídtear iad, acht caithfear iad a thógáíl sul a dtaraidh an samhradh nó d'fasadh siad uilig.
- Cuireann muid acra go leith nó cúig róid preataí gach bliadhain. Is í m'athair a ullmhuigheann an talamh. Cuireann na daoine leas ar an chuid is mó de na preataí roimh-ré. Cuirtear aoileach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seanach, Co. Donegal