Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Donegal
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 164

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 164

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 164
  3. XML “An tAonach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins na bailte móra a bhíodh na h-aontaí uilig fadó. Bíonn aonach i mBaile na nGallóglach ar an tríomhadh lá fichid de gach mí. Bíonn aonach eile i gCeathramha Caoil ar an sémhadh lá de gach mí fosta. Bíonn margadh i Ros-na-Cille ar an tríomhadh lá de gach mí.
    Níl aon áit ins an cheanntar a dtugtar páirch an aonaigh uirthi. Teidheann ceannuidhthe ó teach go teach anois corr uair le eallach a cheannacht.
    Ní rabh níos mó aontaí ann fadó na mar tá anois. Tá páirc spéisealta i sráid gach baile in a mbíonn an t-aonach fá choinne an aonaigh. Ní dh ioltar aon "Toll" ar na beithidhgigh a díoltar anois. Díoltar i gConndaethe eile é acht ní dhíoltar ins an conndae seo é.
    Bheirtear Luck's Money le gach beaithidheach a díoltar ag na h-aontaí anois. Airgead Ádhbhail an t-ainm Gaedilge a chuala mé air. Má's capall nó bó a táthar a dhíol bheirtear deich sgillinge aráis mar airgead adhbhail acht má's muc no caorach a táhar a dhíol bheirtear leath choróin no cúig sgillinge aráis. Nuair a bhíonn duine ag ceannacht capaill no bó deireann sé leis an díoltar, "bheirfidh mé an oiread seo duit ma bheireann tú punnta aráís damh. Má druideann siad an margadh ar an phunnta a thabhairt aráis béidh sin matih go leor, acht má deireann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Cheallachain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Láir, Co. Donegal