School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 120
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá ceithre tobair bheannuighthe sa pharóiste seo mar tá Tobar Phadraig ag an Chréig Áird, Tobar Phadraig i mBaile-Úr agus Tobar Naomh Colm Cille in Ceathramh na Blaithe agus Tobar Naom Damhadoc.Bíonn daoine ag teacht chuig Tobar Naomh Damhadoc gach lá. Bíonn daoine ag teacht chuig Tobar Colm Cille ó'n naomhadh lá sé Iúl go dtí an t-ochtmadh lá déag dé Iúl agus bíonn daoine ag teacht chuig Tobar Phadraig ó lá Fheil Pádraig go dtí an séamhadh lá fichid dé Mhárta.Tá trí stáisiún ag tobar Cholm Chille. Ag gach stáisúin deir tú cúig paidir a's cúig Abhe Maria. Do'n duine a fuair an tobar agus an rud céadna dó'n duine a rinne é agus arais deireann tú rud dá (?) na daoine a rinne é, agus arais deireann tú an rud céadna do na daoine a d'fhág na leigheasannaí ann. Ag tobar Naomh Damhadoc deireann tú an rud céadna a deireann túag tobar Chom Cille, agus fosta caitheann tú cloch ar charnán mhór nó fágann tú rud éiginteacht do dhiaidh.Sé'n dhóígh a gheibheann na daoine biseach ag tobar Cholm Cille na, luigheann siad ar chloich nó leic atá sa charnán. Má thig codladh ortha gheibheann siad biseach.Ní óltar an t-uisge seo acht cuimiltear é ar áit ar bith atá nimhmneach. Bheireann na daoine lán buidéil de'n uisge leo. Fágann gach duine bratóg nó pionna nó rud mar sin na dhiaidh ag an tobar. Tá sgalan ó's cionn an tobair i gCeathramh na Blaithe.(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Bheaglaoich
- Gender
- Female
- Address
- Seanach, Co. Donegal