Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 117
- XML “Seanach”
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Seanach
Baile-Láir
23 Bealtaine 1938. - Is é Ceann-a-locha an t-ainm atá ar an bhaile in a bhfuil mé mo chomhnuidhe. Paróiste Fanaid an t-ainm atá ar an pharóiste in a bhfuil mé agus Cill Mhic Néanáin an bharúntacht. Tá cúig toighthe déag ins an bhaile. Ins an am fadó bhí teach a's fiche ann. Ó Beaglaoich Ó Ceannainn agus Ó Siadhail na sloinnte is coitcheannta ann. Tá Ceann-a-locha suidhte ag Ceann an Locha agus is é sin mar fuair sé a ainm. Tá ceithre sean daoine ann atá ós cionn searchmhó bliadhain d'aois. Tá cuid mhór sean bhallóg ins an bhaile seo. Bhí nios mó ann cupla bliadhain ó shóin ach cóirigheadh iad. Chuaidh cuid mhór daoine ar shuibhal go h-áiteacha eile ar an bhaile seo. Cuaidh teaghlach amháin go Ameiriocá agus fiche duine eile as teaghlaigh eile. Sgríobhadh amhrán fá shean bhó a bhí ins an bhaile seo am amháin agus bhí ainm an bhaile i n-úsáid ann. "The old cow of Kinnaglough" an t-ainm a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighread Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cionn an Locha, Co. Donegal