School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 123
- XML “Luibheanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ghnídheann chomhair a bheith gach luibh dochar do'n talamh acht is iad seo na rudaí is measa: Copogach, Cál-gort, Feochallán, Buachallán-Buidhe, Fleadh agus rudaí eile. Ghnídheann Copogach, Feochalláin agus Buachalláín-Buidhe an talamh bocht agus múchann na rudaí eile an bárr. Tá cuid mhór luibheanna beaga mar Farbán, Suilín-Buidhe agus rudaí eile acht níl dochar ar bith ionnta.Deirtear nach bhfásann Cál-gort nó Fleamh i dtalamh mhaith agus go bhfásann siad i dtalamh olc. Deirtear fosta nach bhfásann Buachalláin-Buidhe, Copogach nó Feochalláin i dtalam olc agus go bhfásann siad i dtalamh maith.Deirtear go bhfuil an súbh a bhíonn ar Choll-fáithche nuair a bhruithtear é maith i gcomhair casachtaigh. Tá luibh eile darbh ainm Gairleoc maith i gcomhair an t-slaghdán. Bruithtear é i mBainne agus óltar an súbh a bhíonn air.Baintear úsáid as cuid aca mar Slobhac, Duilisc, Machaire an Duilisc agus rudaí eile. Deántar casógaí de'n t-Slabhac agus bruithtear é agus ithtear é.(continues on next page)
- Collector
- Tomás Mac an t Saoir
- Gender
- Male
- Address
- Seanach, Co. Donegal