School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
![The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 528](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1094%2FCBES_1094_528.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 528
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 528
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal (continued)
“Bhí gasúr ann agus ní chuirfeadh dadaidh eagla air. Lá amháin chuaidh sé fhad le dall.”
(continued from previous page)comhran leo. Leag siad síos an comhran, léim fear mór dubh amach as. Thosuigh an bheirt fear dá bhualadh. Com, Com, arsa an gasúr. Leig ar shiubhal an fhear sin. Thosuigh an gasúr ag cuiduighadh leis an fhear a tháinig amach as an comhran. Thug siad a cuid as measa don bheirt eile. D’imthigh siad arais ar maidin. Nuair a chuaidh sé ag an dall ar maidin d’fhiafruigh sé do an bhfuair sé dadaidh a chuir eagla air. Ní bfhuar mise dadaidh ach dhá fhear a tháinig ann agus comhran leobhtha. Thug an dall cúig púnta do. Má théigheann tú síos agus siudhe ag an clochan sin shíos anocht gheobhaidh tú rud a chuirfeas eagla ort. Maith go leor arsan an gasúr. D’imthigh sé ag an dó dhéag tháinig fear mór dubh aníos an abhain.
Dubhairt sé leis an ghasúr nach bhfuil cuma uaigneach ort in do shuidhe annseo. Níl arsa an gasúr. An [dtiofaidh]? tú mé fhad le teach. Maith go leor arsa an gasúr. Chuir ar a dhruim é agus dimthigh siad go dtáinig siad fhád le teach. An é seo an teach arsa an gasúr. Ní theach arsa an diabhal. Chraith siad sin an t-uisge [cosige]? aréir agus tá loch thart fa’n teach agus ní thig liom(continues on next page)- Collector
- Caitlín Nic na Midhe
- Gender
- Female