School: Cill Chuana (roll number 12782)
- Location:
- Kilcoona, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tomás Mac Aodha. Chuaidh sé ag marcaigheacht agus thosuigh an "pony" ag eirighe fada, "A Sheáin," ar seisean, "Tá áit agat-sa taobh thiar díom. Chuaidh Seán suas agus bhí an "pony" ag méadú i gcómhnaidhe. "M'anam, a Mháire go bhfuil áit agat-sa taobh thiar díom-sa" arsa Seán. "Fan go bhfeicfidh mé céard a dhéanfas sibh fhéin ar dtús, acht seo chugaibh an chloch shalainn", arsa Máire. Ní iompróchaidh an capall sidheógach an salann mar tá sé beannuighthe. Nuair cuireadh an salann ar an dhruim as go bráth leis an gcapall agus thug sé léim thar an claidhe agus thuit Seán A Búrca i laige. Dimthigh leis an gcapall agus Tomás Mac Aodha ar a dhruim.
Níor stop sé go dtáinig sé go Loch-A-Fuar. Snámh sé an loch siar agus aniar agus Tomás ar a dhruim. Níor stop sé go dtáinig sé go h-Ath-Chloig[ín] arís agus chaith sé Tomás ar an spota. Dimthigh an triúr abhaile ag breacadh an lae agus iad trom-tuirseach. Níor thugadh aon ainm ar an ngleann sin o shoin acht Gleanna Púca.- Informant
- Seán Ó Cuinneagáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Bunatober, Co. Galway