Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Kilcoona, Co. Galway
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0136
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is goire cabhar Dé na an doras.
Is feárr sean fhiachaibh ná sean ailbhe.
Is olc an gaoth nac séidean's maith do dhuine éigin.
Is feárr leach na mheath.
Is feárr go deireannach ná go bráthach.
An té nac gcleachtuigheann ar an marcuighea[cht?] déanfaidh sé dearmad ar na spuir. Is feárr cara 'sa gcúirt ná bonn 'sa sparáin.
Cuir smacht ar leanbh in óige.
Sé dlighe na h-isachta na h-earraidhe a bhriseadh.
Síleann an fear sanntach gach is a ngealtar gur cóir é a íoc.
Is fearr marcuigheacht ar gabhar ná coiseacht dá fheabhas.
Lá a bhíonn ag báisteach bhíonn sé fluich agus an té a gcodluigheann go h-eadhartha ní eirigheann sé go moch.
Thochlóchadh muc chiúin fataí.
Ní bhíonn fear náireach éadalach.
Ceathrar gréasaidhe nach mbeadh breagach agus ceathrar sagart nach mbeadh sanntach agus cearthrar frainncigh nac mbeadh buidhe Sin dáréag nac bhfuigthea i dtír.(leanann ar an chéad leathanach eile)