Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)

Suíomh:
Kilcoona, Co. Galway
Múinteoir:
Liam Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0140

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0140

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chuana
  2. XML Leathanach 0140
  3. XML “Fionn Mac Cumhaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fionn Mac Cumhall.
    Sul a rugadh Fionn Mac Cumhall rinneadh dlighe in Éireann agus dubhradh gach páiste a bheadh ag a athair a mharbhughadh mar bhí muinntear Cumhall ag eirighe an láidir. Nuair a rugadh Fionn thug a sean mháthair isteach 'sa gcoill é. Fuair sí siúnéar agus gheárr sé teachín beag isteach i gcrainn mór ann agus nuair a bhí sin déanta aige d'fhiafruigh sé cailleach an raibh aon locht ann. Chuaidh an cailleach isteach 'sa teachín agus d'fhéach sí thart "Bhail", ar sise tá aon locht amháin ann. Cuir isteach do chloigeann go bhfeicfidh tú é. Chuir an siunéar isteach a chloigeann acht bhí tuagh ag an gcailleach agus bhain sí an cloigean de mar bhí faitchíos uirre go n-déarfadh sé le aon duine go raibh sí fhéin agus an páiste annsin. Bhí sí gá bheathú ar feadh seacht mbliadna agus dubhairt sí leithe fhéin "tá sé in-am thú a bhaisteadh anois". Chuaidh sí go dtí an séipéal annsin agus nuair a bhí sí ag dul ann chonnaic
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Fionn Mac Cumhaill (~137)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Chuinneagáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Bunatober, Co. Galway