Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Kilcoona, Co. Galway
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0093
- XML “Na Breitheamhain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na Breitheamhain.
Bhí triúr dearbhráthair dár b'ainm Breitheamhain 'na gcomhnaidhe i gCill-Mhaolain i gCathairliostrain. Bhí siad féin agus a n-athair agus a máthair 'sa teach. Ní raibh i gConnacht chomh láidir leó. Ní raibh aon oighre dúithche in-ndhan cíos a bhainnt uatha. Ní leigeadh an faitchíos an tserríomh a gcuid stuic a thógáil. Ba é Iarla Turluachán an t-Oighre a bhí orra. Tháinig an t-iarla é féin agus a chuid fear go druim oidhche agus bhailigh sé leis a chuid bháilí agus a chuid tionótaí go dtógfadh siad an stoc ar na Breitheamhain. Ba leis Tuaim, Tul-na-Dálach agus Turluacháin. Bhailigh sé leis uilig iad. Nuair a d'eirigh athair na Breitheamhain lá ar n-a bhárach, chuaidh sé amach ag breathnughadh ar na stuic.
Tháinig sé isteach agus ghlaoidh sé ar a chlann mhac. "Eirigidh ó chodhladh", adeir sé. "Níl beithidheach ceithre gcos ar an talamh de bhárr na h-oidhche." D'eirigh an triúr mach agus níor fhan siad le leath a gcuid éadaigh a chuir ortha. Lean siad na fás caigh in-dhiaidh an stuic agus a dtrí maidí aca. Ag dul(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bunatober, Co. Galway