Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Kilcoona, Co. Galway
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Crampa agus Seán Ó Lóchain.Fear siubhal a bhí i gCrampa agus casadh fear eile leis lá dár b'ainm Seán Ó Lócháin. Bhí sáil bróga "Crampa" sé orlaigh ar airde is bhí sé ag imtheacht ar bhárranna a chos, le neart pianta ina cnámha. "Cé'n t-ainm atá ort agus sloineadh" arsa Crampa leis an bhfear eile. "Seán Ó Lócháin" ar seisean. "Is fada ar an mbóthar mé", arsa Crampa, "agus níor casadh fear ariamh liom ar do shloineadh sa," Is fada ar an mbóthar mé" arsa an fear eile "is níor casadh fear ariamh liom ar t-ainm-sa. Ní dearnadh mé ariamh le Lóchán" arsa crampa, "acht é a sgaoileadh le gaoith agus bhuail sé buille dá mhaide air.
"Ní dearnadh muid ariamh le rud crampa" arsa Lócháin "acht a chuid fola a tarraingt," is(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Gráine
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bunatober, Co. Galway