School: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (roll number 4501)
- Location:
- Townparks, Co. Galway
- Teacher: P.S. Ó Neachtain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)[-]
- I lá 18.adh Samhain 1927. bhí stoirm ag séadadh. Bhí an spéir dubh dorcha agus mar geall ar sin bhí fhios ag na daoine go raibh stoirm mhór ag teacht. D'éirigh an stoirm [ag teacht] sa ló acht ní raibh sé ana-mhór cor a bith, acht bhí sé ana-mhór ins an oidhche.
Ins an tráthnóna chuaidh fear as an gCladach go dtí bóthar na Trágha agus chonnaic sé rud ins an bhfairrge agus rith sé abhaile. Maom mhór a raibh ann agus tháinic sé anuas go dtí an Cladaigh agus go leór daoine in a gcodladh acht chuaidh fear i mbád beag agus d'osgail sé gach doras agus chuir sé na daoine ins an mbád.
Níor bádhadh éinne acht do leag sé ceithre tighthe agus do leag sé seacht gcrainn telegraph. An t-ainm a raibh ar an maom seo "Maom Trághal".
Ins an oidhche a raibh an maom sin bhí toirneach agus teinntreacht ann freisin. Bhí glór garbh láidir a raibh baigirt agus uaignios ann(continues on next page)