School: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (roll number 4501)
- Location:
- Townparks, Co. Galway
- Teacher: P.S. Ó Neachtain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tugtaí Alcorn ar an bhfear ag a raibh seilbh aige ar píosa mhóir talmhan mór thimpcheall an cheanntair seo. Bhí sé ann an t-am is mó a chuimhin le na daoine is sinne san gceanntar anois. Tá fhios ag na daoine go raibh Ristéard Chroimbhéail ar an gcéád fear a chuir na tighearnaí talmhan i gcomhacht sa dtír seo ar dtúis. Ní mhaith le na daoine na tighearnaí talmhan mar gheall gur rugadh ar a gcuid agus bhíodar ar gann-chuid-airgid is tighthe.Nuair a cuireadh na daoine as seilbh ní raibh le déanamh aca acht a dul go dtí teach na mbocht agus a saoghal a caitheamh ann go dubhach-bhrónach. Cuireadh Croimbheáil a shaighdiúirí i seilbh na talmhan agus is dócha go bhfuil na tighearnaí talmhan anois bruighthe ó'n gclann sin. Bhí an talamh go saor an t-am sin; ní raibh mar luach ar an ácáir acht dá phinginn go leith.Nuair a bhí na saighdiúirí ag imtheacht ó Éirinn dhíol siad a gcuid talmhan do na daoine is ní raibh leó fágtha acht cúpla tighearnaí talmhan. Rinneadh roinn-teacha móra dhíobh agus bhí a lán airgid ag na talamhatheóirí annsin. Bíonn na tighthe ag na daoine agus nuair nár íochtar airgead cuirtear amach iad.