School: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (roll number 4501)
- Location:
- Townparks, Co. Galway
- Teacher: P.S. Ó Neachtain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Pósaidhthe
Is é an t-am de’n bhlian is mó a phósann daoine san áit acht an mí nó reatha roimh “Caraidheas”. Pósann siad mar gheall ná mbíonn aon “beannachtaí spéiséalta” ins an “Caraidheas” ins na séipéilíbh.
Na laetheannta agus na míosa atá mí-rathmhar chun phósta ná:- Dé h-Aoine agus Dé Domhnaigh:- Bealtaine agus Nodlaig.
Amach faoi’n dtuaith do bhí pisréoga go mór ann. Nuair ba mhaith le fear cáilín a phósadh théigheadh sé go dtí a uncál agus annsin nuair a shroiceadar an teach a bhí leagtha amach eatorra do théigheadh an uncál agus chuirfeadh sé fhios ar an bhfear go raibh fáilte roimhe agus do rinneadar cleamhnas phósta annsin, idir an bhuachaill agus an cháilín. Nuair do bhéadh an bheirt-nuadh-pósta ag teacht amach as an t-séipéil do chuirfeadh an cháilín an fear amach roimpi go dtí nach bhfaigheadh sí bás roimhe. Pisréog éile é sin a bhí ann.
Isteach ins an gCladach fadó bhí fáinne ag na daoinibh pósta agus tugtar “Heart-and-Hand” air. Sin:- bhí lámh ann agus croidhe dhuine, agus bhíodar ceangailte le chéile i gcomhartha phósadh agus cáirdeamhail.
Nuair do bhéadh duine ar tí pósta do gheibheadh sé airgead nó beithidhigh ó na daoinibh sa mbaile. Spré nó “dowry” a dtugtaí ar sin. Amach faoí’n dtuaith a thárlaí na rudaí seo agus rud neamh-choitchéantach é i gcathair(continues on next page)- Collector
- Pádhraig O Dubhghaill
- Gender
- Male
- Informant
- Bean Uí Dubhghaill
- Gender
- Female
- Address
- New Docks, Co. Galway