School: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (roll number 4501)
- Location:
- Townparks, Co. Galway
- Teacher: P.S. Ó Neachtain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo iad ainmneacha na h-ainmhidhthe atá ar fagháil fiadhain ins an áit seo fós:- an broc, sionnach, easóg, feorug, firéad, agus an girrfhiadh.
Comhnuigheann an broc i bpoll sa dtalamh; - an sionnach in-aice carraige móire, an easóg isteach ins na sgeachaibh, an feorug suas i bpoll sa gcrann; an firéad ins na páirceannaibh; agus an girrfhiadh i bpoll freisin.
Itheann an sionnach cearca agus géana. Marbhuighheann an easóg éiníní óga agus itheann sé iad annsin. Maireann an feorug ar cnóite agus duilleóga. Bíonn bíadh an fhiréad mar gláséirí amach ins na páirceannaibh. Itheann an girrfhiadh féar agus itheann an broc na h-ainmhidhthe beaga san bhfeilm.
Ní dhéanann an feorug ná an firéad mórán dhíoghbháil. 'Sé an easóg agus an broc is an sionnach is mó a chuireann an feilméar i gcruaidh-chás. Bíonn an girrfhiadh go dona freisin. Itheann an sionnach agus an easóg na cearca agus na géana. Déanann an girrfhiadh dochar ar an glaséirí.
Iompuigheann craicheann an ghirrfhiadh go dubh ins an Samhradh agus ní maith le daoine é d'iththe. Is minicighe a usáidtear an firéad chun coiníní a marbhúghadh amuigh fé'n dtuaigh. Bíonn an feorug ag cur cnó i bhfolach i rith an tSamhraidh chun iad a bheith aige nuair a thagann an Geimhreadh ann.(continues on next page)- Collector
- Pádhraig O Dubhghaill
- Gender
- Male
- Informant
- Bean Uí Dubhghaill
- Gender
- Female
- Age
- 39
- Address
- New Docks, Co. Galway