School: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (roll number 4501)

Location:
Townparks, Co. Galway
Teacher:
P.S. Ó Neachtain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0031, Page 0072

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0031, Page 0072

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí)
  2. XML Page 0072
  3. XML “Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus pian ann ionnta, pianta na cnamhaibh, adhmad géarr i do láimh; géarrthanna, fairthní agus tinnis fiachail. Bhíodh tae dhubh mar leigheas ar na súilíbh. Bhíodh uisce-fataí mar leigheas ar phianta na cnamha; agus teanga sionnaigh chun dealg a tharraingt as do láimhsé; Bhí leigheas mar Stocholm tar ar géarrthanna, in chorp dhuine. Cuireadh uisce cloiche chun fairthní a chur síos.
    Do bhí creidhimh na ndaoine chomh mhór sin go dtéigheadh siad go dtí na tobracha beannuighthe chun leighiseanna a fhágháil asta. Seo cuid des na tobracha sin: - Tobar an Mhaighdin Mhuire i mBaile Áth na Ríogh, Máinstir Chnuic an Mhaigh, agus bhí ceann ann in-aice Baile Locha Ríach. Nuair do théigheadh duine chun iad seo is go h-iondamhail a cheanga[l] sé píosa éadaigh ar sgeach ós cionn an tobair agus rinne sé paidreacha don naomh spéisíalta a bhí ainmnighthe ar an tobar ann.
    Chuala mé go raibh pisréoge ann: - nuair a bhéadh phianta ar bhuachaill nó cailín in a cnamhaibh do chuir na sean daoine fá dhris asail iad trí huaire agus dimthigh an galar uatha. Cuireadh íasc beó i mbéal dhuine agus ní bhéadh pianta in a fhiachail ó shoin amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraig O Dubhghaill
    Gender
    Male
    Informant
    Bean Uí Dubhghaill
    Gender
    Female
    Age
    39
    Address
    New Docks, Co. Galway