School: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (roll number 4501)
- Location:
- Townparks, Co. Galway
- Teacher: P.S. Ó Neachtain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí)
- XML Page 0104
- XML “Bóithre an Cheantair”
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus thuit duine dár'bh ainm Bhrenáin ann h-aon déagh blian ar mí Feabhra go dtí an t-uisce i Loch a tSáile agus báthadh é an uair sin. Tá an droichead eile in-aice áit comhnaidhthe na saighdiúirí agus caitheadh fear dár'bh ainm Breathnach go dtí a bhás ann. Cuireadh crósaire clocha air agus nuair a théigheann duine treasna deireann sé "go mbéidh trócaire ar a anam". Is féidir leat é a fheiceál go dtí an lá indhiu.
- Tá mé in mo chomhnuidhe ins an gCladach. An t-ainm atá ar an bparróiste ná Naomh Niocláis. Fadó bhí a lán tighthe ins an gCladach, acht tá siad leagtha anois, agus tá tighthe nuadha ann freisin.Seo iad na h-ainmneacha ba ciotchianta ins an gCladach, Ó Maordha, Ó Flaithbheartaigh, Ó Háirt, agus Ó Cuirín. Tá cúigear daoine ins an gCladach agus tá siad os cionn 70 blian. Tá a lán gaedhilge ag gach ceann aca, agus tá siad indon sgéalta a innsint freisin. Tá go leór sean-fothrach ann freisin. Chuaidh a lán daoine ó'n gCladach go dtí America fadó, acht thainic siad abhaile arís cúpla mí o shóin.Tá abha i nGaillimh agus an t-ainm atá air ná an Coiribh. Bhí cailín ann, agus an t-ainm a bhí uirthí na " Gáille". Cúpla lá na dhiaidh sin chuir " Gaillimh(continues on next page)
- Collector
- Máirtín Mac Coiligh
- Gender
- Male