School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)uaidh. Bhíodh go leór peidléirí ag dul thart 'san áit s[eo] fadó agus bhíodh go leór rudaí mar seo dhá ndíol aca i gciseáin - barr-íallacha, pictúirí, dúbhchán bhróg, peannaibh, snáithe agus go leór rudaí eile mar sin. Mhalruitidís seo lé h-aghaidh gioblachaí, fionnach capaill agus buidéil.
Bhíodh péidléar ann uair amháin thart ar an áit seo agus bhíodh clog aige agus é dhá cra[? ]eadh ag dul tart ins na bóithribh. Lá amháin casadh sagart leis agus dubhairt sé (an sagart) "Bí ag imtheacht a shean-amadáin" ar seisean. "Maise ar m'anam tá beirt againn ann" ar san peidléar. Rógaire an-mhór a bhí ann freisin. Uair amháin nuair a bhí móin gann bhí an peidléir i n-a chomhnuidhe í dteach fheilméara nach raibh ach beagán mónadh aige. Nuair a d'éirigh an feilméar ar maidin, chonnaic sé an cistin, líonta ó urlár go freithe[ ?] lé móin.
Cheap sé gur Dia a chur chuige ach nior é ach an peidléir. Sé an fáth a rinne sé sin mar ba mhaith leis brontanas a thabhairt do'n fheilméar a thug lóistín dó agus bhí sé ag goid mónadh ar feadh na h-oidhche.- Collector
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Gender
- Male
- Informant
- Máire Ní Coisdealbha
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female