Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uaidh. Bhíodh go leór peidléirí ag dul thart 'san áit s[eo] fadó agus bhíodh go leór rudaí mar seo dhá ndíol aca i gciseáin - barr-íallacha, pictúirí, dúbhchán bhróg, peannaibh, snáithe agus go leór rudaí eile mar sin. Mhalruitidís seo lé h-aghaidh gioblachaí, fionnach capaill agus buidéil.
Bhíodh péidléar ann uair amháin thart ar an áit seo agus bhíodh clog aige agus é dhá cra[? ]eadh ag dul tart ins na bóithribh. Lá amháin casadh sagart leis agus dubhairt sé (an sagart) "Bí ag imtheacht a shean-amadáin" ar seisean. "Maise ar m'anam tá beirt againn ann" ar san peidléar. Rógaire an-mhór a bhí ann freisin. Uair amháin nuair a bhí móin gann bhí an peidléir i n-a chomhnuidhe í dteach fheilméara nach raibh ach beagán mónadh aige. Nuair a d'éirigh an feilméar ar maidin, chonnaic sé an cistin, líonta ó urlár go freithe[ ?] lé móin.
Cheap sé gur Dia a chur chuige ach nior é ach an peidléir. Sé an fáth a rinne sé sin mar ba mhaith leis brontanas a thabhairt do'n fheilméar a thug lóistín dó agus bhí sé ag goid mónadh ar feadh na h-oidhche.- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Coisdealbha
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann