School: Northampton (roll number 6396)

Location:
Northampton, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0143

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0143

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Northampton
  2. XML Page 0143
  3. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cuan. Rug 'Peeky' ar an 'pocker' a bhí dearg agus sháith sé isteach ins an súil amháin a bhí ar bhaitheas an fhathaigh. Dhúisigh an fhathach is rug sé ar a fáinne draoidheachta. Ní raibh sé in an aon rud a fheicheál is bhí fearg air. Rith an triúr amach is an fathach in a ndiaidh. Chaith an fathach an fáinne agus cé'n áit a chuir sé é acht an méar mhór chos cheann de na buachaillí. Annsin ghlaoidh an fathach amach "cá bhfuil tú". D'fhreagair an fáinne ar cos an bhuachaillí "tá mé annso". Bhí an fathach ag teacht ortha. "Ó" arsa 'Peeky' "tá sé ag teacht." Fuair sé scian is ghearr sé an méar as cos an buachall is chaith sé síos i bpoll mór é. Nuair a bhí fathach in aice an poll ghlaoidh sé amach "cá bhfuil tú". "Tá mé annso" arsan fáinne i dtóin an phuill. "Tá tú agam" arsan fathach agus thug sé léim le breith ar na buachaillí mar a cheap sé agus síos leis go tóin an poll is marbhuigheadh é. Chuaidh an triúr ar ais go dtí an teach is bhí an bhean ag caoineadh le áthas. Rinne sí béile mór dóibh. D'ith 'Peeky' a sháit ach ní íosfaidh an buachaillí aon rud. "Óra cé'n fáth nach n-itheann sibh" arsan bhean. D'innis siad a sgéal di annsin. "Ó beidh sé sin an deachar" arsan bean "mar tá fathach mór is dream saighdhiúr ghá cosaint. Tá fhios agam ar an áit a bhfuil sé." D'innis sí a sgéal annsin agus chonnaic sí iad ar a bhealach, ar cos a bhí siad. Bhí siad ag imtheacht ar feadh na h-oidhche agus ar maidin chonnaic siad an teach. Rinne siad air. Tháinig siad go cúl an tighe in a raibh an capall le na 'bells' ach bhí ionamarca solas le aon rud a dhéanamh agus bhí saighdiúrí ag imtheacht is fathach mór na dá cheann le biadh agus aire a tabhairt do'n capall. Ar tuitim na h-oidhche goidh siad anall leis an stábla agus isteach leobh trídh an bhfuinneóig. Nuair a dhúisigh siad an capall chraith sí [!] é féin is na 'bells' agus dhúisigh sé an teach. Sul a raibh am aca aon rud a dhéanamh rug na saighdhiúri ortha. Thug siad isteach go dtí an teach iad in a raibh an fathach is bhí pota mór lán d'uisge síos le iad a bhruith. "Ó" arsan fathach "is tú is fearr agus rug
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0327: The Children and the Ogre
    AT0953: The Old Robber Relates Three Adventures
    AT1137: The Ogre Blinded (Polyphemus)
    AT2412C: (The Cat Asks for Boots)
    Language
    Irish
    Informant
    Riocáird de Búrca
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Cahermore, Co. Galway