School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (roll number 12945)
- Location:
- An Cartúr Caol, Co. Galway
- Teacher: T. Ó Cuinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1) An rud a bheirtear sa gcnáim is deacair leis sgarad leis an bhfuil.
2) Is fearr an mhaith athá ná an maith a bhí.3) Fághann foighid fórtúin.4) Is fearr ag díol an lá ná dhá cheannacht.
5) Ní thagann as long ar bhith acht an lucht a bhíos innte.
6) Is mairg a bhíos go h-olc is a bhíos go bocht na dhiaidh.
7) Ní leis na corrain mhaithe a baintear an foghmhar uluig.
8) Is fearr fuigheall brocháin ná fuigheall magaidh.
9) Ná caith amach an t-uisge salach nó go mbeidh an t-uisge glan istigh.
10) Seachain an droc dhuine is ní baoghal dhuit an duine macánta.
11) Is minic a bhí an t-ádh ar an bfear a chodail a sháith.
12) Ní airigheann sáthach an seang.
13) Is fearr beagán de'n gaol ná mórán de'n charthannacht.
14) Is fearr dúil lé muir ná dúil lé cill.
15) An té nach bhfuil láidir ní fuláir dhó a bheith glic.16) As a cloigeanna bhlightear an bhó.17) Briseann an duthchas tré shúilibh an chaith.(continues on next page)