School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (roll number 12945)
- Location:
- An Cartúr Caol, Co. Galway
- Teacher: T. Ó Cuinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní raibh aon bhó ag aoinne anoir ó Abhainn Chruimlínn acht ag a gcuid searbhónta, ní raibh bainne ag na daoine aon ám acht braon a bhíodh aca san Earrach ó na caoirigh.
Duine ar bith nach dtiocfadh aca ag cartadh Poll an Mhianaigh, chaithidis an duine sin amach as a theach.
Sa deireadh bhíodh a bheag no a mhór de airgead le fághail ag daoine agus annsin bhíodh chuile dhuine ag iarraidh obair ann.
Beithidhigh, caiple, caoirigh no rud ar bith a cuirfidís dúl ann thiubhradh siad leó iad gan cead gan iarraidh.
Ní raibh faitcios ar na blácaigh roimh aoinne acht roimh Sgorach Glionnán a bhí 'na chomhnuidhe shuas ar an sliabh 'n-áit a bfuil tigh "Eoin" anois. Bhí an Sgorach seo chomh láidir le duine de na Fianna. Is minic a chuir sé ruaig ar na Blácaigh nuair a bheidis a iarraidh beithidhigh no caoirigh a chrochadh an bealaigh.- Informant
- Tomás Ó Cúaláin
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cor na Rón, Co. Galway