School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (roll number 12945)
- Location:
- An Cartúr Caol, Co. Galway
- Teacher: T. Ó Cuinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde)
- XML Page 0011a
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal Grinn
“Chaitheadh na daoine - Sir - a thabhairt ar Blácaigh an Chaisleain agus ba mhór an cor gan é deanamh”
Chaitheadh na daoine - Sir - a thabhairt ar Bhlácaigh an Chaisleain agus ba mhór an cor gan é deanamh. Lá amhain chuir fear a bhuachaill aimsire sios go dti iad le muc agus dubhairt sé leis gan dearmad a dheanamh ar Sir a tabhairt orraibh. Bhí go maith, shroich an buachaill aimsire an caisleán agus deir sé leis an mBlácach. "Chuir Sir mo mháighistir, Sir mise le Sir muice go dti Sir tusa agus tá súil aige go dtaithneochadh Sir muice le Sir leatsa."Bhí bean ann fado agus chuaidh sí ag faoistín agus dubhairt an sagart leithe Gniomh Croidhe bhrughadh a dhéanamh agus dubhairt sí, Ó Mo Dia tá mo phiopín briste.Chuaidh fear go Gaillimh fado agus chuaidh sé isteach i siopa agus d'iarr an siopadóir do an gcheannochadh sé aon úaireadóir agus dubhairt an fear, "Cé'n ghnó a bheadh agam dhó"? Innseochadh sé an t-am dhuith," arsa an siopadóir agus cheannuigh sé é. Nuair a bhí sé ag dul abhaile diarr sé don uaireadóir cé'n tám é acht níor innis sé dhó é,Scéal Grinn
“Chuaidh fear go Gaillimh fado agus chuaidh sé isteach i siopa agus d'iarr an siopadóir do an gceannochadh sé aon úaireadóir.”
Chuaidh fear go Gaillimh fado agus chuaidh sé isteach i siopa agus d'iarr an siopadóir do an gceannochadh sé aon úaireadóir agus dubhairt an fear, "Cé'n ghnó a bheadh agam dhó"? "Innseochadh sé an t-am dhuit," arsa an siopadóir agus cheannuigh sé é. Nuair a bhí sé ag dul abhaile diarr sé don uaireadóir cé'n tám é acht níor innis sé dhó é,(continues on next page)- Informant
- Stiophán Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Indreabhán, Co. Galway
Scéal Grinn
“Bhí bean ann fado agus chuaidh sí ag faoistín agus dubhairt an sagart leithe Gniomh Croidhe bhrughagh a dhéanamh.”
Bhí bean ann fado agus chuaidh sí ag faoistín agus dubhairt an sagart leithe Gniomh Croidhe bhrughadh a dhéanamh agus dubhairt sí "Ó Mo Dhia tá mo phiopín briste