School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 357
- XML “An Gobán Saor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ceird aige ar nós é féin. Thárla san am céadna go raibh mac óg ag bean ar an mbaile agus thug bean an Gobán a h-inghean féin dí ar an mac. Bhí fhios aici go mbeadh an fear sásta freisin, mar ní raibh fhios ag an bhfear nach mac a bhí aici. Tamall 'na dhiaidh sin fuair bean an Ghobáin bás agus ní raibh aici ach an t-aon mhac, ach tamall 'na dhiaidh sin phós an mac sin bean áluinn. 'Na dhiaidh sin tháinig duine uasal chuig an ngobán agus dubhairt sé leis a theacht agus caisleán a dhéanamh dó. Dúbhairt an Gobán go ngabhfadh agus fáilte agus a mhac freisin. An lá seo réidhthigh an beirt aca agus d'imthigheadar leo agus thosuigh an Gobán ag rádh le na mhac an bóthar a ghiorrú ach sé an chaoi ar thosuigh an mac ag rith agus d'fhill an bheirt aca abhaile mar gheall aair sin. An dara lá dúbhairt sé leis an bóthar a ghiorrú ach thosuigh sé ag rith arís. D'fhiafruigh bean mic an Ghobáin tuige a raibh fhios aige ach gur thosuigh an t-Athair ag rádh leis an bóthar a ghiorrú agus nach raibh fhios aige cionnus é a dhéanamh agus d'fhill an t-athair abhaile annsin. 'Deirim-se leat anois' a deir a bhean leis 'an chéad lá eile a déarfas sé leat é sin a dhéanamh tosuigh tusa ar sgéal a innsint agus geallaim-se dhuit nach mbeidh tú i bhfad ag giorrú an bóthair annsin. Nuair a shroich sé teach(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Maoilchiaráin
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Roisín na Mainiach, Co. Galway
- Informant
- Brighid Ní Liodáin
- Gender
- Female
- Age
- 83
- Address
- Roisín na Mainiach, Co. Galway