School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 410

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 410

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 410
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Choinnigh an Rí é chun bheith ag déanamh cleas dhó. Bhíodh sé ins an gcúirt ag an mbainrioghan, agus bhíodh gach duine ins na trithibh gáire aige. Bhí an Rí an-cheanamhail air, agus nuair a d'innis 'Oiread m'Ordóige' dó gur duine bocht a bhí in a athair, thug sé mála airgid dhó, agus thug sé abhaile chuig a mhuinntir é.
    Chuir a athair is a mháthair Fáilte Uí Cheallaigh roimhe. Bhí an aimsear an dona, agus d'éirigh 'Oiread m'Ordóige' tinn. Nuair a tháinig biseach air, bhí faitchíos ar a mháthair go n-éireochadh sé go dona arís. Séard a rinne sí leis, leag sí ar a bhos é, chuir sí séideog mór ann, a chuir dá bois go dtí cúirt an Rí arís é. D'fhan sé annsin ag déanamh cleas do'n Rí agus do'n Bhainriioghan, ach i gcionn tamaill ghoill na cleasa air agus buaileadh tinn arís é. Níor fhéad dochtúirí na Cúirte é a leigheas, agus bhí faitchíos orra go léir go bhfuigheadh sé bás. Ba ghearr go dtainig Bainrioghan na Sidhe chuige, agus thóg sí léithe é go dtí a Bruighean. Leigheasadh é annsin, agus chaith sé a chuid aimsire ag déanamh spraoidhe leo. Nuair a bhí sé ;na shean rith arís. Sgaoil Bainrioghan na Sidhe le coir é. Bé an deire a bhí le 'Oiread m'Ordóige' thuit sé isteach i dtrap, fuair dubhán alla greim daingean air, agus mharbhuigh sé é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0700: Tom Thumb
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Cartaigh
    Gender
    Female
    Age
    10
    Address
    Carna, Co. Galway
    Informant
    Séamus Caulfield
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Age
    85