Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 410
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Choinnigh an Rí é chun bheith ag déanamh cleas dhó. Bhíodh sé ins an gcúirt ag an mbainrioghan, agus bhíodh gach duine ins na trithibh gáire aige. Bhí an Rí an-cheanamhail air, agus nuair a d'innis 'Oiread m'Ordóige' dó gur duine bocht a bhí in a athair, thug sé mála airgid dhó, agus thug sé abhaile chuig a mhuinntir é.
Chuir a athair is a mháthair Fáilte Uí Cheallaigh roimhe. Bhí an aimsear an dona, agus d'éirigh 'Oiread m'Ordóige' tinn. Nuair a tháinig biseach air, bhí faitchíos ar a mháthair go n-éireochadh sé go dona arís. Séard a rinne sí leis, leag sí ar a bhos é, chuir sí séideog mór ann, a chuir dá bois go dtí cúirt an Rí arís é. D'fhan sé annsin ag déanamh cleas do'n Rí agus do'n Bhainriioghan, ach i gcionn tamaill ghoill na cleasa air agus buaileadh tinn arís é. Níor fhéad dochtúirí na Cúirte é a leigheas, agus bhí faitchíos orra go léir go bhfuigheadh sé bás. Ba ghearr go dtainig Bainrioghan na Sidhe chuige, agus thóg sí léithe é go dtí a Bruighean. Leigheasadh é annsin, agus chaith sé a chuid aimsire ag déanamh spraoidhe leo. Nuair a bhí sé ;na shean rith arís. Sgaoil Bainrioghan na Sidhe le coir é. Bé an deire a bhí le 'Oiread m'Ordóige' thuit sé isteach i dtrap, fuair dubhán alla greim daingean air, agus mharbhuigh sé é.- Bailitheoir
- Áine Ní Cartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 10
- Seoladh
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Caulfield
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85