Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Suíomh:
- Athenry, Co. Galway
- Múinteoir: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fuaireadar cárr. Thógadar an corp. Thugadar abhaile í. Bhí tórramh acú uirrí. Tháinig na comhursanna chuig an tórramh.
Chaoin gach duine os cionn an corp. Bhí cumha mór in a diaidh. Agus bhí truaigh mór aca dá fear. Chuaidh an fear é féin chun dreas a chaoin os a chionn. Thug sé cogar di. Eirigh as sin agus bíodh ciall agat ar seisean. Rinne an bhean cogar air ais leis. “An bhfuil dhá éan ann ar sise. Ní’l ar seisean. Ní’l acht gé amháin ann.
An lá in a dhiaidh sin cuireadar ins an gcónra í le na thabhairt go dtí an séipéal. Nuair a chuala sí iad ag bualadh an chéad tairgne ins an gclár sgread sí amach A Thomáis a Thomáis leig amach as seo me. Ní’l ach aon gé amháin ann. Sgannruigh sí na daoine.- Bailitheoir
- Bríghid de Búrca
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caherateemore South, Co. Galway