School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chiaráin
- XML Page 414
- XML “Nuair a Tháinig an Lá”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a tháinig an lá dubhairt an t-athair leis an mac a dhul isteach ins an aill. D'fhiafruigh an mac dhe tuige agus d'innis an t-athair dhó.
"Go deimhin muise ní ghabhfad," arsan mac "acht rachfhaidh mé suas ar thaobh an chnuic agus má sé an bás atá in ann dom gheobhfaidh mé bás annsin agus ní bheidh mé ag tarraingt ná toirnighe in-aice le aon dhuine."
Ghread an mac leis agus suas leis ar thaobh an chnuic.
Is dóigh liom gur Críostuidhe a bhí ann, acht pé'r bith Caitiligeach nó Protasdúnach a bhí ann thosuigh sé ar a pháidrín.
Phléasg an tóirneach agus sgall an teintreach acht ní dhearna ceachtar aca paic ar mhac an duine uasail. Chuaidh seisean abhaile agus bhí iongh-(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Raghallaigh
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Cill Chiaráin, Co. Galway