Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 499
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreabhach ann fadó agus bhí aon mhac amháin aici.
Ní raibh 'san mac seo acht leath amadán.
Bhí sé in ám go maith aige pósadh nuair a d'fhiafruigh a mháthair dhe lá amháin a' raibh aon dúil aige aon bharainn a chur air féin.
"Muise, ní'l a fhios agam," ar seisean "b'fhearr dhuit féin a dhul amach ag iarraidh mná dhom."
"Déanfaidh sin," a deir an mháthair, "acht rachfaidh mé amach i dtosach ag iarraidh earraidhe i gcomhair na bainse."
Ghread léi amach agus fuair sí mála plúir agus barraille fíona agus d'ioc sí cáirt agus capall le iad a thabhairt abhaile léi.
Nuair a chuaidh sí abhaile chuir sí an fíon agus an plúr 'san seómra agus chuir sí gé 'san bpota ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Raghallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Nuala Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. Galway