School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)
- Location:
- Killannin, Co. Galway
- Teacher: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Ainbhthin
- XML Page 293
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1) Tháinig mé aniar faoi Samhain,
D'ith mé mo dhóthann de'n gamhan,
Bliadain ó Shamhain sin bhí laogh ag an ngamhain sin. Cé'n chaoi ar thárla sé sin?
Freagra: - Thug muinntear a' tíghe gamhan isteach sa teach. Leagadar ciseóg fataí ar a dhruim, agus d'ith siad a ndtóthann do na fataí.
2) Ar a' bhféar ghlas a shiubhlaim.
Ar a' gclár péinne a sheasaim.
An each nár rugadh agus nach mbéarfar amach romham, agus srian a mháthar in mo ghlaic agam.
Freagra. Cailleadh an capall agus baineadh an searrach amach as taobh a 'capaill; agus mhair an searrach.
3) Bhí báchear i nGaillimh agus bhí dearbhráthair aige ina bhacéir i mBaile Átha Cliath. Ach ní raibh dearbhráthair ar bith ag an mbácéir, a bhí i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh.
Freagra: - Deirbhshiúr a bhí aige i nGaillimh.
4) Tá dearbhráthair ag dearbhráthair m'athar-sa agus ní oncal domsa é.(continues on next page)- Collector
- Nápla Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- Gortnagroagh, Co. Galway
- Informant
- Seán Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Gortnagroagh, Co. Galway