School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)
- Location:
- Killannin, Co. Galway
- Teacher: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)buachaillí ag caitheadh cloch lé crann tabhal. Bíonn cliabhán éan acab freisin agus bíonn siad ag breith ar an lon dubh, an chéirseach agus an smólach. Bíonn cluiche eile ag na bpáistí agus bíonn páiste amháín cromtha síos agus duine eile ag bualadh a dhruim lé n-a dhorn agus an rán seo ghá rádh aige:-"Cnoigidhe, cnaigide, ceann de bhó druimine, sgealpóg staighre, móinín muilite, ar éadan do chruith-se agus cé mhéad adharc ar an mucán poc."Bíonn ar an nduine a bhíonns cromtha annsin tómhais cé mhéad méar, a bhíónns in áirde ag an nduine eile. Bíonn cluiche eile acab cois teine. Bíonn na cosa sínte amach acab agus bíonn slat ag páiste eile a bhíonns ar a aghaidh amach. Bíonn sé ag rádh rán agus pé ar bith cos a ar a d'tuitfidh an focal deireadh tugann sé buille dhó agus crapfadih an duine sin a chos isteach. Seó é an rán:-"Lúrabóg, lárabóg, lúipín buidhe, buidhe Ó Néill, Néillín Priobán, priobán sualach, sualach seicneach, seicneach muileann, átha muileann, clíl (?) na gcaillighe 'steach a' phlaiceach."Bíonn rán(continues on next page)
- Collector
- Máire Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- Doon, Co. Galway
- Informant
- Bean an Bhreathnaigh
- Gender
- Female
- Age
- 42
- Address
- Doon, Co. Galway