School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)
- Location:
- Killannin, Co. Galway
- Teacher: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Ainbhthin
- XML Page 373
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá dhá thobar beannuighe insan bparaiste seo. Ceann insan Dún agus an ceann eile i gCill Ainbhthean. An tobar atá insan Dún sé an t-ainm a tughtar air "Tobar Naomh Phadhraic" agus sé an fáth a tugadh an t-ainm sin air mar ta cloch mór leathan ann agus leag Naomh Phádhraich a glún air agus dfág sé lurg a glún ann is tá uisge beannuighe ann ó shoin. Tugann daoine turas ann an 15adh Lughnasa lá Fhéíle Mhuire a tugtar ar an lá sin. Téigheann siad thar timceall an tobar seacht n-uaire agus seo paidreacha a déíneann siad, cupla paidir do Dhia agus cupla paidir do Naomh Pádhraich. Tugann daoine cuid do'n uisge as, abhaile leo i mbuidéal in onóir do Naomh Phádhraich. Tá leigheas insan uisge sin le h-aghaidh faithneacha. Téigheann go leor daoine chuig an tobar sin a mbíonn faithneacha orthabh. Nígheann siad na faithneacha san uisge agus fághann siad biseach. Gach duien a théígheanns ann fágann siad rud eicínt ann mar pinghineacha nó birán gruaige. Tá crann mór ag fás ós cionn an tobar. Níl aon duine ag déanamh aon úaid do'n uisge ata ann, mar is uisge(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Uigínn
- Gender
- Female
- Address
- Doon, Co. Galway
- Informant
- Peadar Ó hUigínn
- Gender
- Male
- Age
- 61
- Address
- Doon, Co. Galway