School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)
- Location:
- Killannin, Co. Galway
- Teacher: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Ainbhthin
- XML Page 384
- XML “Féilte na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bionn spórt mhór ag an aos óg gach Oidhche Shamhna. Bíonn siad ag tumadh agus bíonn na trí fó-chupáin aca freisin. Bíonn uisge i gceann aca agus fáinne i gceann eile agus cré ins an gceann eile. Cuireann páiste púicín air. Bíonn sé ag cur a láimh ins na fó-chupáin. Má chuireann duine a lámh ins an gcré gheobhfaidh sé bás roimh Oidhche Shamhna arís. Má chuireann sé a lámh ins an uisce rachaidh sé thar sáile agus má chuireann sé a lámh ins an gceann a bhfuil an fáinne ann pósfar é. Bíonn cna aca agus cuireann siad ainm cailín ar ceann aca agus ainm buachaill ar ceann eile. Cuireann siad na cna ins an teine agus má léimeann siad lé céile pósfar iad, acht má léimeann siad ó na chéile ní pósfar iad. Milleann na buachaillí go leór cabáiste an oidhche sin. Caitheann siad ar an mbóthar an cabáiste agus bíonn brat bán cabáiste ar an mbóthar ar nós sneachta ar maidin.(continues on next page)
- Collector
- Máire Bhreathnach
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- Doon, Co. Galway
- Informant
- Peadar Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- Doon, Co. Galway