School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)
- Location:
- Killannin, Co. Galway
- Teacher: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Ainbhthin
- XML Page 395
- XML “Ainmnithe na Feilme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)duine ag iompúghadh abhaile tar éis iad a fhághail ar an gcnoc deireann sé "Go nCoimridhe Dia agus Mhic Duach agus Mhic Darach sibh" leis na beithidh. Nuair a théigheanns bó ag báthadh i bportach nó in aon áit bhog deirtear "Cis Dia is an Mhaighdean Mhuire faoí do cheithre chos." Tar éis breith do bhó bíonn bainne buidhe aicí. Bruithtear é agus tugtar gruth buidhe air, agus ithtear an gruth agus óltar an meidhg. Deinead na sean-daoine gur beathadh ó Neamh é. Nuair a seóladh na sean-daoine iad fadó chaitheadh siad trí seamaidí fraoch ina ndiaidh leis an t-ádh a chur ortha.
Chuala mé sgéal faoí bhean i Máigh Cuilinn a bhí ag dul i gcoinne a cuid beithidh agus chonnaic sí bean ag bleaghan bó amuigh ar an sliabh agus shíl sí gur duine do na cómharsain a bhí ann acht níorbh eadh, agus níor bhfada gur bhuaill tinneas eicínt an bhó agus cáilleadh í. Bíonn gamhna ag na daoine freisin agus fágtar amuigh 'san oidhche iad. Bíonn capall agus asal ag an cuid is mó de(continues on next page)- Collector
- Máire Bhreathnach
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- Doon, Co. Galway
- Informant
- Bean an Breathnaigh
- Gender
- Female
- Age
- 42
- Address
- Doon, Co. Galway