School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)

Location:
Killannin, Co. Galway
Teacher:
Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0067, Page 423

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0067, Page 423

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Ainbhthin
  2. XML Page 423
  3. XML “Diarmuid agus an Óige”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D'fiafruigh sé dóibh cá raibh síad ag dhul agus d'innis siad an sgeal dhó. Shuideadar síos. Bhí molt ceanguilte i gcúl an dorais ag an sean-fhear agus scaoileadh é. "Eirigh a Dhiarmuid ars an sean-fhear agus ceangail an molt." D'eirigh Diarmuid. Rug é ar an molt, acht má rug fein, bhain an an molt craich as féin. Shín sé Diarmuid ar an urláir agus leag sé cos air. "Eirigh a Chonain," ars an sean-fear ars an sean-fhear " agus ceangail an molt." D'eirig Conán; rug sé ar an molt act má rug fhéín bhain an molt craith as féin, agus shín sé Conán ar an urláir agus leag se an darna cos air. "Eirigh, a Oscar agus ceangail an molt," ars an sean-fhear. D'eirigh Oscar; rug sé ar an molt acht má rug fhéin bhain an molt craith as féin. Shín se Oscar ar an urláir agus leag sé an tríomhadh cos air. "Éirigh a Ghoil agus ceangail an molt" ars an sean-fhear. D'eirig Gol; rug sé ar an molt, agus bhain corr as acht má bhain féin, bhain an molt craith as féin; Sín sé Gol ar an urláir agus leag sé an ceathraomhadh cos air. Bhí cat beag dubh ag an trean-fhear agus dúbhairt sé leis an gcat a eirghe. D'eirghe an cat, chuir sé a dhá chois thart timcheall muineal an mhuilt agus ceangal sé é. "Anois," ars an sean-fear nach mór an náire é seo do Fianna na h-Éireann" abair (?) sé aríst agus dúbhairt sé "Ní h-aon chúis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Laidhig
    Gender
    Female
    Address
    Pollagh, Co. Galway