School: Sean-Chill
- Location:
- Shankill West, Co. Galway
- Teacher: Riobárd Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean-Chill
- XML Page 008
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Sean saighdiúr do d'dheadh an Suibhneach agus ruaig arm Shasana as Éirinn é.”
(continued from previous page)Go d-tiocfaidh an Suibhneach abhaile chugam in a shlainte
Gan punta bróin air ná briseadh croidhe:
Go mbéidh discharge glan aige in a phóca
Agus pinsiún mór mór ag tigheacht ón Rí;
Go m-béidh umbrella aige os cionn a chóta
Agus muid go spóiryeamhail i nGleann na Magh Duibhe aríst.(no title)
“Bhí buachaill óg agus cailín ag ealadh le na chéile chun pósta go moch maidin tsamhraidh.”
Bhí buachaill óg agus cailín ag ealodh le na cheile chun pósta go moch maidin t-samhraidh. Nuair a bhí siad ag dul treasna claidhe árd thug se léim anuas agus briseadh a chos. Rinne an cailín óg iarracht é ag cur na sheasamh agus nuair a chonnaic sí go raibh a chos briste d'imthigh sí leithi agus d'fág sí annsin é. Bhí sé annsin i n-diag a' chlaidhe go bh-fuair fear na talmhan é trathnona. Chuir sé ar a dhruim é agus d'iomcar sé é go dtí a thigh fhéin é. Chuir sé in a chodladh é agus chuir sé fios ar fhear leighis le na chois a dheisiú. Thosuigh bean a tighe ag tabhairt misnigh dhó le na foclaí so:- "Chuala mé dhá radh go m-bíonn an ghangaid ins na mnáibh. Ach codail thusa a Sheáin do shaith i leabaidh chaol chruaidh gan éadach." D'innis seisean dithe an stad mí-fhortúnach a raibh sé ann nuair a d'imtigh 's a threig sí é.
"D'fheach mé ó theas is d'feach mé ó thuaidh
As ní fhaca mé ach na cuanta fánach.
Tharraing mé mo ghruag agus shíl mé go chruaidh
Séard dubhairt na clocha go m-ba truagh é m-adhbhar."(continues on next page)- Informant
- P. Ó hÉancháin
- Gender
- Male
- Address
- Carrowntober East, Co. Galway