School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Kerry
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Íde
- XML Page 054
- XML “Scéalta Púcaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá lios ar an mbaile seo agus tá sé lán do phúcaí. Deir na sean-daoine go bhfeicidís soillse ann gach oidhche timcheall a deich a chlog agus as san go dtí na dó-dhéag a chlog.
Do chítí mórán saghas ainmhidhthe leis ann mar giorraithe agus cait. Lá do bhí fear ag cuir prátaí i n-gort atá cois na leasa. Do chonnaic sé an t-ainmhídhe mór bán ag teacht amach as poll a bhí i lár na leasa. Ba deárbhthach le cat é. Do thug sé cúrsa na leasa timcheall agus annsan d'imthigh sé síos tríd an bpoll arís.
Núair a tháinig an fear abhaile d'inis sé an scéal dá chómharsa. Dubhairt seisean go raghadh beirt aca soir an lá na dhíaidh agus go réabfaidís an poll.
Tímcheall a haon déag a chlog an lá na dhiaidh chúadar go dtí an lios chum é a réabadh. Do thugadar piocóidí agus slúaiste leo(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Mhathghamhna
- Gender
- Female
- Informant
- Peats Nic Gearailt
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Leataoibh Meánach, Co. Kerry