School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Kerry
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Íde
- XML Page 110
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuaidh sé isteach. Ní raibh istig ach seana-bhean agus sean-duine agus gabhairín ceangailte last-thíos de'n ndoras. D'fhiarr sé loistín na h-oidhche ortha agus fuair.
Bhí prátaí beirbhighthe aca ar sciath aca agus chuaidh an seana-bhean agus chrúidsi an gabhar agus thug sí an bainne don stróinséar. Nuair a bhi an suipéar thart deineadh leaba tuighe sa chúinne dhó agus chuaidh an bheirt eile síos i seomra.
Nuair a bhreac an lae bhí an feirmeoir ag ciorrbhadh an bhóthair do féin agus níorbh bhfada gur bhain sé a thig féin amach. Níor leig sé faic air go dtáinig aimsir dínnéar. Thosnuigh an cailín ar an seana phort céanda ach dúbhairt an feirmeóir :
"Léan uait is ciac bhiodh-sa thiar
Ní raibh agaibh ach prátaí beirbhighthe ar sciath
Agus braoinín (??) na dhiaidh".
Ní dúbhairt an cailín focal as san amach.- Collector
- Caitlín Ní Ghairbhíghe
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Luibhéadh
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Íochtarach, Co. Kerry