School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Kerry
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Íde
- XML Page 206
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí baintreach ann fadó agus bhí triúr mac aige. Cailleadh a mháthair nuair a bhíodar óg acht thug a n-athair aire mhaith dhóibh annsan. Bhí feirm bheag aca agus trí cínn do bha air.
Nuair a bhí na garsúin fásta suas thug a n-athair an feirm den mac ba shine agus d'fágh an bheirt mac eile an tig. Chuaidh duine aca lé blúinéirecht (?) agus an duine eile i naimsir. Phós an mac go raibh an tigh agus níor thaithnig an cailín leis an sean duine i naonchar. Bhídís ag argóint gach ré lá agus níor b'fada go raibh droc mheas aice ar an sean duine. Bhí an seanduine ag ithe ar bhórd leis féín i gcionn tamaill agus droc mheas ag gach duine air.Aon lá amháín bhí an buachaill óg agus a bhean ag ithe ar an mbórd agus bhí ím aca leis na prátaí agus bhí an sean duine ag ithe ar stól cois na teine agus ní raibh aon annlan aige leis na prátaí agus dhein sé an rann.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Shéaghdha
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Séaghdha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male