Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)locht amháin a bhí uirthe" ní raibh aon fhocal cainnte aice. An oidhche a bhí chúgainn chuaid sé ag bothántaoidt aris agus dfhág sé an cailín óg i bhfochair a mháthar. Ar a theact abhaile do í naice le Cathair Deargháin bhuail leis lios agus chualaid sé ceann des na sídeóga dhá rádh. Dá mbead an biorán suain a bhí thiar na cúl á tharrac agus deoch den choraint a bhí air an mbórd so a thabhair le nól dí go mbead sí chóm maith is a bhí sí riamh.
An chead oidhche eile a bhí chúgainn bhí Brian ag teacht abhaile ós na botháin agus chuaid sé isteach sa lios agus ghoid sé an choraint ón mbórd agus thug sé abhaile go dtí an gcailín óg é. Thug sé braon den choraint dí agus thairg sé an biorán suain as a cúl agus tháinig a cainnt dí agus bhí sí chómh maith le aon bhean sa dúthchaig.
Seachtmain ón lá san chonnuiceadar chúca an Cóisdi agus dhá chapall fé agus cé bhead ann ná Rí aníos ó lár na hÉireann é féin agus a bhean mar bhí sé ins na páipéiri nuadhacta go léir "An bfeachaid éinni a leithéid seo de chailín óg agus chuir Brian scéala chúca go raibh sí aige féin. Chuir Brian na mílte fáilte roim an Rí agus dinnis an Rí dho gurbh iad na sideóga a ghoid í. Bé crioch an scéile gur thug an Rí Brian agus a mháthair leis go dtí na tigh fhéin agus pósfhad Brian agus an ingean & mhaireadar go lán tsásta as san amach.- Bailitheoir
- Dómhnall Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Maoileóin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Saor (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Clochán Dubh, Co. Kerry