School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dul ón mbóthar publídhe go dtí barra an bhaile. Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Dainghean.
Thug Máire bean Uí Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean dom é. - Mo Cheanntar féin.
Bailemínbocht is ainm don bhaile. Tá sé i bParóisde Fionntrágha agus i Barúntacht Corca Dhuibhne. Tá naoi gcinn do thigthe im bhaile. Do bhí trí cinn déag do tighthe ann fadó. Tá ceann slinne ar gac tig atá ann anois. Tugadh an ainm don áit toisc gur daoine bochta ar fad nác mór a bhí ann. Ba le Tighearna Fionntrágha na tighthe go léir a bhl ann. Do bhíodh na fir a cómhnuigheadh ins na tighthe ag obair aige Tighearna Fionntrágha. Tá triúir sean-duine ann agus tá trí seana thig ann leis. Do cómhnuig sean-duine i gceann aca fadó dárb ainm do Seán Bán. File do b'eadh é agus dhein sé cuid mhaith fhilídheachta. Ana fhear seóidh a b'eadh é agus ní stadfadh sé acht ag déanamh toirmisc idir na sean daoine a bhí san mbaile. Níl aon aibhnte.(continues on next page)