School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Page 217
- XML “Doineann”
- XML “Ainmhithe Allta - Cat Fiáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus trí cinn do gamhna leis. An lá céadhna do marbhuigheadh garsún sa Dainghean. Sé an ainm a bhí air ná Seán Guild agus Seámas Ó Gríbhthín a bhí 'na theannta. Cuaidh duine aca anáirde ar an gclaidhe agus marbhuigheadh é sin. An duine a bhí ar an dtalamh níor deineadh faic leis.Siobhán Ní Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Bríghid Ní Chíomháin, Baile an Góilín, Dainghean di é. - Ainimhighthe Allta - Cat Fiadhain
Bhí bean ann tímcheall céad bliadhain ó shoin agus bhí trí cinn de cait aici. Aon lá amháin cuaidh ceann aca isteach sa curpad agus bhris sé rud éigin. Cuir sí an gadhar 'na dhiaidh. D'imthigh sé leis gur tháinig sé go dtí an bhfairrge. Sé an áit a maireann sé ná san eidhneán. Itheann sé cuileóga agus franncaig uisge agus éin. Deirtear gur mar sin a deineadh an céad cat fiadhain riamh.Siobhán Ní Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Bríghid Ní Chíomháin, Baile an Góilín, Dainghean di é.