School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)do Pádraig Ó Curráin. Do bhí an fhilídheacht aige ó dhúthcais. Is as Gaoidhluinn a dhein sé é. Ní raibh aon sgríobh aige agus do sgríobhadh fear ón mbaile síos do iad. Ní raibh aon Fhoghluim air. Do bhí ana mheas ag muinntir an bhaile air. Do b'é an slíghe bheatha a bhí air ná fídheóireacht. Do bhí file eile i mbaile an Mhúraigh dá'rbh ainm dí Siobhán Ní Shéaghdha. Do dhein sí amhrán mar gheall ar rinnce a bhí i gCimín. Fuair sí deich sgillinge as é dhéanamh. Seó í an t-amhrán:-
Bhí ball i gCimín i dtig an Liathaig Maitiú
Bhí biadh agus deoch ann agus é go flaitheamhail.
Bhí inghean Mhichil Cealthram ann agus í ag rinnce le smúit.
Bhí Pérer an Dath ann is a dhá choisín chama.
Do tháinig sé abhaile chúgham ag lorg a chuid bidh
Bhí buailteóirín deas ann ó Bhaile an Gainín,
Agus sé mo mhór thuairim ná mairfeadh sé mhí.
Tháinig sé ar an mbaile é féin agus Nóirín,
Agus dein sí cíopróg do stacaí ainntinn.
Máire Ní Ghríbhthín, Baile Móir, Dainghean.
Thug Máire bean Uí Ghríbhthín, Baile Móir, Dainghean dom é.- Collector
- Máire Ní Ghríbhthín
- Gender
- Female
- Address
- An Baile Mór, Co. Kerry
- Informant
- Máire Bean Uí Ghríbhthín
- Gender
- Female
- Address
- An Baile Mór, Co. Kerry