School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 206

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 206

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 206
  3. XML “An Liosachán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    “A leitheíd seo” ar sise ag innsint di cad a dubhairt bean an an fheirmeora leí agus mar sin de.
    “Ó lean uirthe, an rógaire!” ar sise, “Driofúir domh- se í már dhein maith d’aoinne riamh”
    Bhí griosach de theine aice ar an dteinteán. “Tá bluíre mine agam” arsan bhean bhocht. “Déanfadh sé preiseacht do na paístí da b’fhaighinn uait agus do dhéanamh”
    “Geobhair agus mile fáilte” arsa bean a’tighe. Bhuail sí síos coreaínín uisce. Dheaneadar an leite eatorra. Bhuail bean a’tighe cúcha amach agus thug sí a ndóithin bainne gheír cúcha leis.
    B’é an tslighe bheatha a bhí ag an mnaoi bhoicht, bhí dhá tuírne aice, túirne olna agus tuírne lín . Bhí inghean leí brioichte sa chúinne.
    Faid a bhí sí ag deánamh na leitean thug sí ceann de na tuírní do’n mhnoghe eile agus niorbh fád gur thug sí fe ndeara go raibh taithighe aire ar a leitheíd.
    Nuair do chonnaic bean a’tighe a fheabhas a bhí sí ag an dtúirne , agus da thuírne aice.
    B’fhuil fhios agat cad a dheanfaidh tú?” ar sise “ta’n tú cortha de’n ród , fan mar a bhfuil agat sa tig again. Gheobhaidh tú do dhoíthin oibre na paistí is tú féín do chothú”
    Beidh san ro-mhór ort-sa, agus ba ghairid le dia agam sa an seans d’fhagháil.”
    Mo thruagh go deo thú. Tá dia trócaireach agus cabhróchaidh sé linn. Ta’n tú corcha ó bheith ag imcheacht”
    Nuair do chuala mná na h-áite go raibh bheirt ag obair as laímh a chéile thugadar liom agus olann dóibh agus bhí ag éirighe go breág leo.
    Lá thaínig cailmh isteach ag lorg
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ua Ruaidhre
    Other names
    Pádruig Ua Ruaidhre
    Patson Ruaire
    Gender
    Male
    Age
    76
    Occupation
    Iascaire
    Address
    Lios na Caolbhuí, Co. Kerry