School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dho féin é gach aon uair a théigheadh sé ar an aonach. Nuair a tháinigh lá an aonaigh chuaidh sé ar an aonach le cúig cinn de bheithidhigh agus thárla go bhfuair sé triochadh púnt ortha, agus shóinseáil sé deich scillinge ‘na bpinginí ruadha. Chuir sé isteach i mála iad agus chuir sé an chuid eile ‘na phócha. Chuir sé chun bóthair in áirde ar an gcapall agus ní fada de’n slighe a bhí sé nuair a bhuail robálaidhthe leis. Bheireadar isteach air agus dubhradar leis an t-airgead a bhí aige a thabhairt dóibh. Níor dhein sé faic ach breith ar sparán na bpinginí ruadh agus é chaitheamh tar chlaidhe. Nuair a chuala na robálaidhthe glór an airgid do léimeadar isteach sa ghort agus súid ag lorg an airgid iad. Nuair do fuair an garsún istigh iad do léim sé ar an gcapall agus níor dhein sé stad riamh na coidhche nó gur bhain sé tigh an fheirmeora amach.Bhí an-áthas ar an bhfeirmeoir nuair do chonnaic sé an buachaill agus an t-airgead do theacht abhaile slán sábhálta agus thug sé deich bpúnt do dá bhárr. Chuaidh sé ar an aonach a bhí chugainn ag díol an chapaill agus fuair sé fiche púnt airís. Do dhéin sé an dálta céadna ar an turus abhaile, ach nuair do tháinigh sé abhaile bhí fear a’tighe marbh roimis. Annsan do bhí an fheirm aige féin agus an t-airgead.Do thug sé leis a mhathair agus do chomhnuigheadar go slán sábhálta as san amach agus bhiodar go saidhbhir.
- Informant
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Gender
- Female
- Age
- 77
- Occupation
- Bean iascaire
- Address
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry