School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cill Ghobnait
1.-9. Féach an Fear beag gearra Glas. le.10
10. Meadhon Foghmhair 6 AD 1934Tá Cill Ghobnait suidhte ar an dtaobh thuaidh de Dhún Caoin. Saghas séipéil móir iseadh é ach é ar fad leagtha. Istigh i lár an fhothraigh sin tá árdán beag agus cros mhór ina lár. Tá tobar leis ann, ach caithfidh gach aoinne rud éigin do chaitheamh isteach ann nuair a bhíonn siad ag tabhairt an turasa, agus deirtear go bhfaighfeá pé trí athchuinge a bheadh uait ach é sin do dhéanamh.Rugadh Naomh Gobnait in Oileán éigin agus ó bhí sí ina leanbh bheag bhíodh sí amuigh ar an bhfarraige le cois a h-athar. Bhíodh a h-athair ag ropáil agus nuair d'éirigh sí in aois nior thaithin sé sin léi agus dhein sí suas a h-aigne go bhfágfad sí é agus go n-imtheochadh sí léi féín. Aon lá amháin d'fhág a h-athair ar charraig í an fhaid a bhí sé féín ag dul ag ropáil. Tháinig aingeal cúiche agus dubhairt sé léi intheacht léi agus gan stad ná staonadh do dhéanamh go dtiocfadh sí go dtí áit go mbuailfeadh sé cinn de chointe léi, agus fanacht annsan ar feadh sé mblian agus teampall eile do thógaint ann agus annsan imtheacht léi aríst go dtí go mbuailfeadh naoi gcinn de chointe léi agus teampall do thógaint annsan leis agus cur fúithe ann.(continues on next page)- Informant
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Gender
- Female
- Age
- 77
- Occupation
- Bean iascaire
- Address
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry