School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1-9 Feách an fear beag gearra glas.
10. D. Foghmhair 2adh 1934
1) Da dtagadh duine isteach idtigh chaithfeadh sé gabháilt amach an doras ceudna a gabh sé isteach2) Dá dtagadh duine isteach i dtigh nuair a bheitheá ag déanamh coigne chaithfeadh sé an mheadar do chasadh le h-eagla go dtabarfadh sé an t-ím leis3) Níor cheart aon bhainne a leigint amach go dtí aon tigh gan gráine salainn a chur air le h-eagla go dtabharfaidís an bainne leo4) Níor cheart an teine do choigilt istoidhche le h-eagla go dtiochfadh aon duine marbh isteach agus ná beadh aon teine acu5) Níor cheart an luaith a chur amach istoidhche le h-eagla go ndóghfadh na púcaí iad féin léi6) Níor cheart dul isteach i dtigh nuadh gan rud éigin a tabhairt ann an cheud uair a raghthá isteach ann7) Níor cheart dul amach nuair a bheadh aon leanbh 'na(continues on next page)- Informant
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Gender
- Female
- Age
- 77
- Occupation
- Bean iascaire
- Address
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry