School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beaintreabhach ann fadó agus bhí triúr inghean aice. Aon lán amháin, dubhairt an inghean ba shine le na máthair go raghadh sí ag tuilleamh di féin agus bológ aráin a dhéanamh di i gcomhair an bhóthair. Ar maidin lár na bháireach bhí dhá bhulóig déanta ag a mathair di agus dubhairt sí léithe "Ci a'cu b'fhearr leat, mo bhulóg mhór agus mo mhallacht nó mo bhulóg bheag agus mo bheannacht?" Dubhairt an cailín go m'fhearr léi an bhulóg mhór agus a mallacht. D'imthigh an cailín léithe agus bhuail tobar leí, shuidh sí síos le h-ais an dobair agus do tháinig éinín chuíce. Arsa'n t-éinín "B'fhuil brúscairín nó brúscairín agat a thuibhrainn dom geárgaigh atá i bpoll an chlaidhe le ráithe agam?" "Níl, ná mo dhóthain féin agam" aras'n cailín. Níor dhein an t-éinín acht a tharrach trid an uisce agus ?? fola agus íochtar meala a dhéanamh de'n uisce agus ní fhéadfadh an cailín aon bhraon de'n bhfuil d'ól. D'imthigh sí léi annsan agus bhuair sean-bhean leí. D'fhiafuigh sí di ag an dul in(continues on next page)
- Informant
- Séamus Mac Gearrailt
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry