School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Chaithfidh tú é do thabhairt dom" arsa Éamonn "Má chaithfidh mé" arsa'n buachaill aimsire "Caithfidh tú dul síos an gleann san ag triall air".
Chaith an buachaill aimsire an sparáin ina raibh "Janeys"[?] ann síos an gleann, do léim Eamonn de'n chapall, súid leis síos an gleann indiaidh an airgid ba dhóigh leis féin, nuair a fuair an buachaill aimsire síos é do léim de'n a chapall féin agus chuaidh sé ar chapall Éamoinn; do b'fhearr capall Eamoinn míle uair ná a chapall féin. Do bhí ocht gceud púnt indiallait chapaill Éamoinn agus fuair an buachaill aimsire an t-airgead so.
Nuair a tháinig Éamonn aníos ó'n ngleann is gan faic dá bharra aige, 7 nuair a chonnaic sé a chapall breag imthighte agus an sean-chapall críonna caithte aige in ionad ba dhobair nár cailleadh é. Do fuair sé gunna 7 do thosnuigh sé ag caitheamh indiadh an bhuachalla acht niorbh aon mhaith dó é mar bhí sé ro-thapaidh dhó. Nuair a tháinig an buachaill abhaile go dtí n-a máighistir bhí sé an-bhuidheach do.
Arsa'n buachaill "Is maith a dheineas an sean-chapall a thabhairt liom, feach cad tá agam anois ina ionad capall bréagh 7 feach an t-ocht gcuid púnt a fuaireas indiallait an chapaill" Arsa'n maighistir "Is tú an buachaill is fearr a chonnac riamh agus anois tuibhrad an t-ocht gcuid púnt duit féin."
Bhí san go maith agus ní raibh go h-olc go dtí tráthnóna lár-n-a bhárach, cé bhuailfeadh isteach chúcha acht sean-duine bocht agus é bacach. D'iarr sé lóistín na h-oidhche ortha agus fuair sé é. Ar maidin lár na bhaireach dubhairt an duine bocht le bean a tighe an buachaill aimsire do(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Seaghdha
- Gender
- Male
- Age
- 89
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry