School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean scéal "Ubhall Ríogh Gréag"
Do bhí Ríg ar an nGréig fadó. Bhí triúr mac aige, agus móran fear 'na sheirbhís, agus go dtí so ní dheaghaidh sé riamh ag féuchaint ortha ag obair. Lá amháin dúbhairt sé leis féin go n-eireóchadh sé agus go raghadh sé amach chun iad d'fheiscint. Chómh maith do dhein. Bhí an lá go breagh brothallach, agus nuair bhí sé ag teacht abhaile do shuig sé síos ar charraig mhóir mar bhí tuirse air ó'n dteas. Ní fada bhí sé 'na shuidhe ar an gcarraig nuair a thug sé fé ndeara scamall mór dubh ag bun na spéire agus é a deanamh air anoir ndeas, agus níor stad an scamall go dtáinig sé ó's a chómhair amach, agus do buailead isteach ins na fiacla é le pléasc a bhain trí cinn de's na fiacla amach as tosach a bhéil; agus d'imigh an scamall an bóthar céadna thar nais gan aon fhocal do labhairt.
Do tháinig bochtanacht 's náire ar an Ríg an luath is bhraith sé a fhiacla imighthe. Do chuaidh sé abhaile 's luig sé ar a leabáidh, 's ní raibh a fhios ag éinne cad a bhí air. Dúbhairt na mic, an bhéirt chríona, te na chéile go gcaithfidís(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Dheada
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- P. O' Mórdha
- Gender
- Male
- Age
- 89
- Address
- Cé Bhréanainn, Co. Kerry